Achoimre Feidhmiúcháin

Cuspóir
Cuireann StudentSurvey.ie (Suirbhé na hÉireann ar Rannpháirtíocht na Mac Léinn) ceisteanna díreacha ar mhic léinn faoina n-eispéiris maidir le hardoideachas in Éirinn, lena n-áirítear a bhforbairt acadúil, phearsanta agus shóisialta. Chun críocha StudentSurvey.ie, léiríonn rannpháirtíocht na mac léinn dhá phríomhghné. Is é an chéad cheann an méid ama agus iarrachta a chuireann mic léinn isteach ina gcuid staidéir agus i ngníomhaíochtaí eile a bhfuil tairbhe oideachais ag baint leo. Is é an dara ceann an chaoi a n-úsáideann institiúidí acmhainní agus an chaoi a n-eagraíonn siad deiseanna curaclaim agus foghlama chun mic léinn a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí lánbhríocha a bhaineann leis an bhfoghlaim.
Bunaíodh comhpháirtíocht uathúil idir an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA), Cumann Ollscoileanna Éireann (IUA), an Cumann um Ardoideachas Teicneolaíochta (THEA), agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) chun an tionscadal suirbhé a bhainistiú, a stiúradh agus a chur i bhfeidhm. Coinníonn Grúpa Stiúrtha StudentSurvey.ie treoir straitéiseach don tionscadal suirbhé agus tá sé comhdhéanta de na heagraíochtaí thuasluaite, de na hinstitiúidí rannpháirteacha, agus den ghníomhaireacht reachtúil um dhearbhú cáilíochta agus cáilíochtaí, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI).
Tá sceideal comhaontaithe ann chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na míreanna ceiste atá san áireamh sa suirbhé. Rinneadh an t-athbhreithniú cuimsitheach is déanaí ar an ionstraim shuirbhé StudentSurvey.ie in 2021. Bhreithnigh Grúpa Athbhreithnithe an tSuirbhé dea-chleachtas idirnáisiúnta, aiseolas ó mhic léinn, agus moltaí ó pháirtithe leasmhara ábhartha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceisteanna reatha agus breithniú a dhéanamh ar na háiteanna a bhféadfadh ceisteanna breise luach a chur leis an suirbhé. Déantar tagairt do na torthaí i dtuarascálacha náisiúnta roimhe seo.
Maidir le 2023, ní raibh athrú ar bith ar ceisteanna an tsuirbhé ó 2022 agus bhí ceisteanna an Mhodúil Thráthúla fós ina rogha d’institiúidí. Tugadh isteach 5ú modúl tráthúil breise ar Ionracas Acadúil.
Tá fócas an tsuirbhé ar rannpháirtíocht na mac léinn san fhoghlaim seachas ar shástacht na mac léinn. Tá rannpháirtíocht na mac léinn i saol an choláiste tábhachtach chun cur ar a gcumas príomhchumais a fhorbairt, amhail smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, scileanna scríbhneoireachta, obair foirne agus scileanna cumarsáide. Tá 65 ceist sa suirbhé cuimsitheach, agus iad grúpáilte ag an ‘táscaire’ rannpháirtíochta lena mbaineann siad. Tá líon breise ceisteanna ann nach mbaineann go díreach le táscaire sonrach, ach atá san áireamh sa suirbhé mar gheall ar an méid a chuireann siad le tuiscint leathan ar rannpháirtíocht na mac léinn. Ríomhtar gach scór táscaire ó fhreagraí ar na ceisteanna iolracha a bhaineann leis an táscaire sin. Is iad seo a leanas na táscairí:
- Foghlaim Ardoird
- Idirghníomhaíocht Mac Léinn-Dáimhe
- Foghlaim Mhachnamhach agus Chomhtháite
- Cleachtais Mhúinteoireachta Éifeachtacha
- Réasúnaíocht Chainníochtúil
- Cáilíocht na nIdirghníomhaíochtaí
- Straitéisí Foghlama
- Timpeallacht Thacúil
- Foghlaim Chomhoibríoch
- Scileanna Foghlama, Cruthaitheacha agus Sóisialta
Tá an dara suirbhé ann, atá ceaptha do mhic léinn taighde iarchéime (PGR) (mic léinn Máistreachta trí Thaighde agus PhD). Reáchtáiltear PGR StudentSurvey.ie gach dhá bhliain, agus rinneadh é in 2023. Déantar an chéad tréimhse eile d’obair allamuigh a sceidealú don earrach in 2025.
D’fhreagair 39,403 mac léinn san iomlán StudentSurvey.ie 2023, arb ionann é sin agus ráta náisiúnta freagartha de 25.7%. Tá an meánscór táscaire do gach táscaire léirithe thíos.
Treoraítear an léitheoir chuig ANSEO chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas scóir tháscaire a léirmhíniú. Is iad na príomhphointí le cuimhneamh orthu ná a) go ndéantar scóir tháscaire a scóráil as uasmhéid de 60, b) NACH céatadáin iad scóir tháscaire agus, c) mar gheall ar an mbealach a ríomhtar iad, nach féidir scóir tháscaire a chur i gcomparáid thar tháscairí éagsúla, ach d) gur féidir scóir tháscaire a chur i gcomparáid do ghrúpaí éagsúla laistigh den táscaire céanna.
Chun torthaí mionsonraithe a léirmhíniú is gá na torthaí a chur i gcomhthéacs le faisnéis ó gach institiúid ar leith agus tuiscint a fháil ar a bhfuil á rá ag na mic léinn san institiúid sin. Tá institiúidí tiomanta do shonraí StudentSurvey.ie a léirmhíniú agus a úsáid chun eispéiris a gcuid mac léinn a fheabhsú agus ní thacaíonn siad le húsáid torthaí rannpháirtíochta na mac léinn chun críche ró-shimplí a d'fhéadfaí a fheiceáil mar rangú institiúidí.