Achoimre Feidhmiúcháin
Iarrann PGR StudentSurvey.ie (Suirbhé na hÉireann ar Rannpháirtíocht Mac Léinn do Mhic Léinn Taighde Iarchéime) freagraí ó mhic léinn taighde iarchéime (PGR) ar thimthriall débhliantúil suirbhé. Cuireann PGR StudentSurvey.ie ceisteanna díreacha ar mhic léinn faoina n-eispéiris maidir le hardoideachas in Éirinn, lena n-áirítear a bhforbairt acadúil, phearsanta agus shóisialta. In 2023, ghlac 4,350 mac léinn i 17 n-institiúid ardoideachais páirt ann.
Is grúpa ríthábhachtach é mic léinn taighde iarchéime i gcomhthéacs na Straitéise Náisiúnta um Thaighde agus um Nuálaíocht d’Éirinn agus ní mór go n-áireofaí i straitéis ar bith tacú leis na taighdeoirí luathghairme seo agus iad a chumasú. Nuair a bhí Nuálaíocht 2020[2] á forbairt, thuar gníomhaireachtaí fiontair go méadódh an líon pearsanra taighde agus forbartha a bheadh ag teastáil san earnáil fiontraíochta amháin agus leag Tionscadal Éireann 2040[3] béim freisin ar fhorbairt scileanna, tallainne agus cumas nuálaíochta mar phríomhcholún straitéiseach.
Tá sé riachtanach do chóras náisiúnta taighde na hÉireann go mbeidh ag na daoine a dhéanann taighde anseo, ó thús a ngairmréime, eispéireas oideachais a chuireann ar a gcumas agus a thugann agus an mhuinín dóibh a gcuid taighde a dhéanamh ar na caighdeáin is airde agus is féidir. Tá Creat Náisiúnta um Oideachas Dochtúireachta na hÉireann mar bhonn agus thaca ag cáilíocht an tsoláthair chéimeanna taighde iarchéime. Sheol Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) Creat Dea-Chleachtais do Chláir Chéimeanna Taighde comhlántach agus eagraítear é bunaithe ar na príomhphrionsabail sa Chreat Náisiúnta um Oideachas Dochtúireachta.
Cuirfidh an t-eolas a bhailítear in PGR StudentSurvey.ie cuspóirí na mbeartas seo go mór chun cinn, trí phríomhfhianaise a sholáthar d’Institiúidí Ardoideachais féin agus don chóras ardoideachais agus taighde agus nuálaíochta níos leithne araon, chun feabhas a chur ar cháilíocht an tsoláthair chéimeanna taighde iarchéime in Éirinn.
Tá fócas an tsuirbhé ar rannpháirtíocht na mac léinn san fhoghlaim seachas ar shástacht na mac léinn. Tugann PGR StudentSurvey.ie aghaidh ar gach ceann de na gnéithe rannpháirtíochta seo a leanas:
- Bonneagar agus Áiseanna Taighde
- Scileanna Inaistrithe Eile
- Maoirseacht
- Freagrachtaí agus Tacaíochtaí
- Cultúr Taighde
- Dearcadh Pearsanta
- Dul Chun Cinn agus Measúnú
- Spreagthaí
- Deiseanna Forbartha
- Mianta Gairme
- Scileanna Taighde
- Eispéireas Foriomlán
Treoraítear iad siúd ar spéis leo an tsraith iomlán ceisteanna chuig https://studentsurvey.ie/survey-questions.
Tá an dara suirbhé ann, StudentSurvey.ie (Suirbhé na hÉireann ar Rannpháirtíocht na Mac Léinn), atá ceaptha do mhic léinn fochéime sa chéad bhliain agus sa bhliain dheireanach agus do mhic léinn iarchéime múinte, agus déantar é go bliantúil. Tá na torthaí don bhliain 2023 le fáil i dTuarascáil Náisiúnta StudentSurvey.ie 2023.
D’fhreagair 4,350 mac léinn san iomlán suirbhé 2023, arb ionann é sin agus ráta náisiúnta freagartha de 38.1%.
I gCaibidil 2 cuirtear i láthair freagraí ar mhíreanna ceisteanna arna ngrúpáil de réir gnéithe éagsúla rannpháirtíochta den eispéireas taighde iarchéime.
Léiríonn na torthaí a chuirtear i láthair i gCaibidil 3 iniúchadh coimeádta ar an éagsúlacht idir grúpaí. Ceadaíonn an Deais PGR StudentSurvey.ie, atá le fáil anseo, scrúdú iomlán a dhéanamh ar na torthaí.
I gCaibidil 4 cuirtear forbhreathnú ar fáil ar thírdhreach athraitheach an Taighde Iarchéime in Éirinn trí aird a tharraingt ar phríomhthorthaí ó thorthaí na bliana seo agus trí chomparáidí a dhéanamh le sonraí ó 2021.
I gCaibidil 5 cuirimid peirspictíochtaí Chomh-Urraitheoirí PGR StudentSurvey.ie agus Chathaoirleach an Ghrúpa Oibre PGR i láthair, ag tabhairt léargais ar thuarascáil na bliana seo agus ar thodhchaí an tsuirbhé.
[2] DBEI (2015) Innovation 2020. Ar fail ag: https://enterprise.gov.ie/en/Publications/Publication-files/Innovation-2020.pdf
[3] Rialtas na hÉireann (2018), Project Ireland 2040 – National Planning Framework, p. 145. Ar fáil ag: https://npf.ie/project-ireland-2040-national-planning-framework/