Image
Photograph of Áine Daly, TUS SU and Kevin Packenham, TUS SU

Achoimre Feidhmiúcháin

Cuireann StudentSurvey.ie (Suirbhé na hÉireann ar Rannpháirtíocht na Mac Léinn) ceisteanna díreacha ar mhic léinn faoina n-eispéireas san earnáil ardoideachais in Éirinn, agus san áireamh leis sin tá a bhforbairt acadúil, phearsanta agus shóisialta.
Photograph of Janice Lau presenting at the StudentSurvey.ie Practitioners Forum
Griangraif do Janice Lau ag déanamh cur i láthair ag an Practitioners Forum 2022

Íoslódáil an Achoimre Feidhmiúcháin

Cuspóir

Cuireann StudentSurvey.ie (Suirbhé na hÉireann ar Rannpháirtíocht na Mac Léinn) ceisteanna díreacha ar mhic léinn faoina n-eispéireas san earnáil ardoideachais in Éirinn, agus san áireamh leis sin tá a bhforbairt acadúil, phearsanta agus shóisialta. Chun críocha StudentSurvey.ie, léiríonn rannpháirtíocht na mac léinn dhá phríomheilimint. Ar an gcéad dul síos, léirítear an méid ama agus dua a chaitheann mic léinn lena gcuid staidéir agus le gníomhaíochtaí tairbheacha oideachais eile. Ar an dara dul síos, léirítear conas a bhaineann institiúidí feidhm as acmhainní agus conas a eagraíonn siad curaclaim agus deiseanna foghlama chun mic léinn a spreagadh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fiúntacha atá nasctha leis an bhfoghlaim.

Cuireadh comhpháirtíocht uathúil ar bun idir an tÚdarás um Árd-Oideachas, Cumann Ollscoileanna na hÉireann, an Cumann Árd-Oideachais Teicneolaíochta agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn chun an tionscadal suirbhé a bhainistiú, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Rinne Grúpa Stiúrtha náisiúnta StudentSurvey.ie tuilleadh forbartha ar an gcomhpháirtíocht. Is é an Grúpa Stiúrtha a thugann stiúir straitéiseach don tionscadal suirbhé agus is iad na heagraíochtaí atá luaite cheana atá páirteach ann, mar aon leis na hinstitiúidí rannpháirteacha agus an ghníomhaireacht reachtúil um dhearbhú cáilíochta agus cáilíochtaí, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.

Céard é StudentSurvey.ie? [físeán i mBéarla]

Déanadh athbhreithniú cuimsitheach ar uirlis suirbhé StudentSurvey.ie i 2021. Thóg an Grúpa Athbhreithnithe Suirbhé dea-chleachtas idirnáisiúnta, aiseolas ó mhic léinn, agus moltaí ó pháirtithe leasmhara ábhartha san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar na ceisteanna reatha. Seo a leannas torthaí an athbhreithnithe:

  1. Cuspóirí athbhreithnithe StudentSurvey.ie
  2. Mionathbhreithnithe ar shoiléire na gceisteanna reatha StudentSurvey.ie, ina measc táscaire nua dárbh ainm Scileanna Foghlama, Cruthaitheacha agus Sóisialta
  3. Stáidéar Píolótach 1 - Ceisteanna déimeagrafacha nua.
  4. Stáidéar Píolótach 2 - Modúl Tráthúil roghnach
  5. Bileog Eolais ar Chomparáideoirí Idirnáisiúnta foilsithe

 

Is ar rannpháirtíocht mac léinn leis an bhfoghlaim atá an suirbhé dírithe, agus ní díreach ar shástacht na mac léinn. Tá sé tábhachtach go mbeidh mic léinn rannpháirteach i saol an choláiste chun go ndéanfar éascaíocht dóibh bunchumais a fhorbairt cosúil le smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, scileanna scríbhneoireachta, obair foirne agus scileanna cumarsáide. Tá 64 ceist sa suirbhé cuimsitheach seo, agus déantar iad a ghrúpáil de réir an ‘táscaire’ rannpháirtíochta a mbaineann siad leis. Tá sraith bhreise ceisteanna nach mbaineann go díreach le táscaire faoi leith agus atá curtha sa suirbhé mar go gcabhraíonn siad tuiscint níos leithne a fháil ar rannpháirtíocht mac léinn. Déantar an scór do gach táscaire a ríomh ó na freagraí a tugadh ar raon ceisteanna a bhain leis an táscaire sin. Seo a leanas na táscairí:

  • Foghlaim Ardoird
  • Teagmháil idir an Mac Léinn agus an Dámh
  • Foghlaim Mhachnamhach agus Chomhtháiteach
  • Cleachtais Teagaisc Éifeachtacha
  • Réasúnú Cainníochtúil
  • Caighdeán na gCaidreamh
  • Straitéisí Foghlama
  • Timpeallacht Thacúil
  • Foghlaim Chomhoibríoch
  • Scileanna Foghlama, Cruthaitheacha agus Sóisialta

Tá an dara suirbhé ann ar dearadh é do mhic léinn taighde iarchéime (Mic léinn mháistreachta trí thaighde agus dochtúireachta). Reáchtáiltear PGR StudentSurvey.ie gach dhá bhliain agus beidh an suirbhé beo arís ag tús 2023.


Achoimre ar thorthaí 2022 - Na scóir táscaire

D'fhreagair 42,852 mac léinn san iomlán StudentSurvey.ie i mí Feabhra agus Márta 2022, agus is ionann sin agus ráta freagartha náisiúnta 27.8%. Cuirtear i láthair thíos an meánscór do gach táscaire.

Moltar don léitheoir féachaint ANSEO chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi na scóir táscaire a léirmhíniú. Seo a leanas na príomhphointí: a) is é 60 an t-uas-scór do tháscaire, b) ní céatadáin atá i gceist le scóir táscaire agus, c) ní féidir comparáid a dhéanamh idir scóir táscaire agus táscairí éagsúla eile i ngeall ar an gcaoi a ríomhtar iad, ach d) is féidir comparáid a dhéanamh idir scóir táscaire i gcás grúpaí éagsúla laistigh den táscaire céanna.

Nuair atáthar i mbun léirmhínithe ar thorthaí mionsonraithe, ní mór féachaint ar na torthaí i gcomhthéacs faisnéise ó gach ceann de na hinstitiúidí astu féin chomh maith le tuiscint a fháil air sin atá á rá ag na mic léinn san institiúid sin. Tá na hinstitiúidí tiomanta na sonraí ó StudentSurvey.ie a léirmhíniú agus a úsáid chun feabhas a chur le heispéiris a gcuid mac léinn, agus ní thacaíonn siad le haon úsáid róshimplí a bhaint as torthaí na rannpháirtíochta mac léinn a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuiltear i mbun rangaithe ar na hinstitiúidí.